Cónasc (gramadach)
Cuma
Sa teangeolaíocht, is focal a cheanglaíonn dhá abairt, fhrása, nó chlásal le chéile é cónasc.[1]
Tugtar cónasc comhordaithe ar chónasc a cheanglaíonn dhá fhrása a bhfuil an tábhacht chéanna acu. Is iad “agus”, “nó”, agus “ach” na cónaisc chomhordaithe is coitianta i nGaeilge. Mar shampla:
- Tháinig an bus agus chuaigh mé air.
- D'ith mé prátaí agus coirce.
- Bhí rún agam é a chaitheamh amach arís sa loch ach rinne mé dearmad.
- Is iad na Dúchrónaigh nó na Black and Tans atá i gceist sa tríú véarsa.
Tugtar cónasc fo-ordaitheach ar chónasc a cheanglaíonn clásal neamhspleách le fochlásal. Is iad “má”, “nuair”, agus “mar” na samplaí is coitianta i nGaeilge. Mar shampla:
- Seas an fód má tá tú cinnte.
- Beidh tú ar mhuin na muice nuair a bheidh sé déanta.
- Theip orm mar nach raibh an t-ádh orm.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: cónasc” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2023-08-19.