Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Uimhir phríomha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa mhatamaitic, is éard is uimhir phríomhaslánuimhir dheimhneach níos mó ná nach bhfuil aon roinnteoir aici ach agus í féin, .[1][2] Is uimhir ilchodach é slánuimhir deimhneach nach bhfuil ina huimhir phríomha. Bhí na huimhreacha príomha tábhachtach i gcónaí san uimhirtheoiric agus in a lán fearainn matamaiticiúil eile. Mar shampla, úsaidtear iad sa gcripteagrafaíocht nua-aimseartha.

Le fada tá uimhirtheoirícithe ag iarraidh feidhm a aimsiú, a tháirgfeadh uimhreacha príomha ach slánuimhreacha deimhneacha, , a chur isteach inti, ach tá teipthe orthu go dtí seo.

Mar shampla, táirgeann uimhreacha príomha nuair , agus táirgeann uimhreacha príomha nuair .

Thairg Pierre de Fermat gurbh uimhir phríomha í nuair is slánuimhir dheimhneach í , ach cruthaíodh trí fhrithshampla nach fíor é seo: níl príomh. Deirimid gur uimhir phríomha Fermat é uimhir phríomha atá scriofa mar nuair is slánuimhir é . Mar shampla, is iad , , agus ina uimhreacha phríomha Fermat.

Is é an uimhir phríomh is mó atá fhios againn ar. Faigheadh é i 2018 le linn an Great Internet Mersenne Prime Search, nó an GIMPS.[3] Is uimhir phríomha Mersenne é uimhir phríomha atá scriofa mar .

An mhéad uimhir phríomha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl aon deireadh leis na uimhreacha phríomha. Rinne Euclid an chéad cruthú (atá fhios againn ) sa Ghréig thart ar 300 R.C.R.[4]

Teoirim Euclid

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl deireadh leis na uimhreacha phríomha.

Cruthú le bréagnú: Glacaimid an ráiteas go bhfuil deireadh leis na huimhreacha phríomha. Mar sin is féidir linn iad a scríobh i liosta le gcríoch: . Ansin, is féidir linn uimhir nua a scríobh mar seo:

Caithfidh go bhfuil ina phríomhuimhir nó ina huimhir ilchodach.

Más uimhir phríomha é , tá sé níos mó ná gach uile uimhir phríomh sa liosta . Tugann sé sin le fios nach raibh sa liosta, cé gurbh uimhir phríomha é. Léiríonn sé sin nach bhféidir le bheith ina huimhir phríomha.

Más uimhir ilchodach é , tá roinnteoir phríomh éigin . Tá agus inroinnte ar , agus ciallaíonn sé sin go roinneann ar . Ach tá níos mó ná , agus ní bhféidir leis roinnean ar .

Tá sé léirithe againn nach bhfeidir le bheith ina uimhir phríomha nó ina huimhir ilchodach, cé go bhfuil sé ina slánuimhir deimhneach. Is léir gur bréagach é ár ráiteas go bhfuil deireadh leis na uimhreacha phríomha.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolas" (Coiscéim). 
  2. nó uimhir dheimhneach iomlán, roinnteoir aon agus féin.
  3. "GIMPS Project Discovers Largest Known Prime Number: 282,589,933-1". Mersenne Research, Inc..
  4. James Williamson (translator and commentator), The Elements of Euclid, With Dissertations, Clarendon Press, Oxford, 1782, page 63.