Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Niels Bohr

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNiels Bohr

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(da) Niels Henrik David Bohr Cuir in eagar ar Wikidata
7 Deireadh Fómhair 1885
Cóbanhávan, An Danmhairg Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Samhain 1962
77 bliana d'aois
Cóbanhávan (an Danmhairg)
Siocair bháisCliseadh croí
Áit adhlacthaReilig Assistens, Div. P 55° 41′ 19″ N, 12° 33′ 05″ E / 55.688555°N,12.55129°E / 55.688555; 12.55129 Cuir in eagar ar Wikidata
Ollamh
1916 – Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteNicholas Baker Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chóbanhávan - céim dochtúireachta (1903–1911)
Coláiste na Tríonóide, Cambridge
Ollscoil Cambridge Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilStudier over Metallernes Elektrontheori (1911 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaChristian Christiansen agus Joseph John Thomson
Áit chónaithean Danmhairg
an tSualainn
Sasana
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Cóbanhávan
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic adamhach agus an fhisic theoiriciúil
Gairmfisiceoir, fealsamh na heolaíochta, imreoir sacair, eolaí núicléach, múinteoir ollscoile, ceimiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Victoria, Manchain (1914–)
Ollscoil Cambridge (1911–1912)
Ollscoil Chóbanhávan
Institiúid Niels Bohr, Ollscoil Cóbanhávan Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidErnest Rutherford, Christian Christiansen agus Joseph John Thomson
Mac/iníon léinnHendrik Kramers, Lev Davidovich Landau, Oskar Klein, Aage Niels Bohr agus John Archibald Wheeler
TeangachaBéarla agus an Danmhairgis
Spórtsacar Cuir in eagar ar Wikidata
Ionad ar an bhfoireann / speisialtachtBáireoir (sacair)
Gníomhréim
  Foireann enllaç= enllaç=
Akademisk Boldklub (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1939Tionscadal Manhattan
19275th Solvay Conference on Physics (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachtaAage Niels Bohr, Robert Bruce Lindsay agus Svein Rosseland
Teaghlach
TeaghlachBohr family (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileMargrethe Nørlund Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteErnest Bohr, Hans Bohr, Erik Bohr, Aage Niels Bohr Cuir in eagar ar Wikidata
AthairChristian Bohr  agus Ellen Bohr
SiblínHarald Bohr
Duine muintearthaNiels Erik Nørlund (deartháir céile)
Poul Nørlund (deartháir céile)
Karen Bramson (third cousin (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm1106823 Musicbrainz: 6b1b330d-dd57-4af9-8b4b-9934d268a50c Find a Grave: 8735 Cuir in eagar ar Wikidata

Fisiceoir as Cóbanhávan, An Danmhairg ab ea Niels (Henrik David) Bohr [nels ˈb̥oɐ̯ˀ] (7 Deireadh Fómhair 188518 Samhain 1962).

Bronnadh Duais Nobel na Fisice air sa bhliain 1922 don obair cheannródaíoch a bhí déanta aige, as a thaighde ar struchtúr an adaimh is speictream hidrigine agus a réiteach siúd leis an teoiric chandamach a rinne sé sa bhliain 1913[1].

Rinne Bohr rannaíocht búnasacha i dtaobh thuiscint dhéantús an adaimh agus na meicnice candamaí. Deirtear gurb é Bohr ceann de na fisceoir is fearr den fichiú aois[2].

De réir dlíthe na meicnice clasaicí, bheadh a leithéid d'adamh neamhchobhsaí mar go gcaillfeadh sé fuinneamh trí astú radaíochta leictreamaighnéadaí.

Chomh maith leis sin, ní léireodh an t-adamh sin na speictrim adamhacha inbhraiteacha. Réitíodh na fadhbanna seo le samhail fheabhsaithe an adaimh a shaothraigh Niels Bohr sa bhliain 1913, ina raibh gach leictreon i bhfithis ar leith (sceall ar leith) timpeall an núicléis, le fuinneamh ar leith a bhraithfeadh ar gha na fithise.

Ós rud é nár ceadaíodh ach fithisí (scealla) ar leith, níorbh fhéidir ach fuinnimh ar leith a bheith ag na leictreoin, ionas go mbeadh patrún de leibhéil scoite cheadaithe fuinnimh i gceist.

Ní astódh leictreoin i bhfithis cheadaithe fuinneamh leictreamaighnéadach, ach chomhfhreagródh léim leictreoin ó fhithis amháin go fithis eile d'astú nó ionsú cainníochtaí dea-shainithe solais, rud a réitigh leis na speictrim bhraite adamhacha. Samhail áisiúil amhairc ab ea samhail Bohr, agus de réir a chéile feabhsaíodh í le léargais ón meicnic chandamach.

Niels Bohr le hAlbert Einstein

Tá airíonna tonnacha ag leictreoin, agus is féidir fithisí nó scealla Bohr a thuiscint mar oiriúnú slánuimhir tonnta leictreon timpeall ar an núicléas. Is fearr cruinne gach leictreon a shamhlú mar dháileadh luchta leictrigh le huimhir chandamach ar leith ná mar phonc luchta i bhfithis chiorclach. Comhfhreagraíonn gach uimhir chandamach is féidir do leibhéal ar leith fuinnimh, ach ní féidir iad uile a shealbhú ag an am céanna.

Niels Bohr ina óige

Thug samhail Bohr míniú ginearálta ar speictrim adamhacha, ach ligeann teoiric na gcandam dúinn ríomhanna mionchruinne a dhéanamh ar na speictrim. Cinneann na huimhreacha candamacha is gá chun na leictreoin in adaimh neamhfhlosctha dúl a shainiú ionaid chruinne na ndúl sin ar an gclár peiriadach

Niels Bohr, Weizmann Institue, ,1958
  • Tá fithiseach móiminteam uilleachna na leictreon candamaithe; L=nħ
  • Teoiric go dtaistlíonn leictreoin i bhfithis scoite timpeall núicléas an adaimh, le gnéithe ceimiceacha den dúil socraithe ag an méid leictreoin atá ag timpeallú an adaimh
  • An tuairim go bhféadfadh leictreon titim ó fhithis le leibhéal airde dfhuinneamh go dtí leibhéal níos ísle, ag astaigh fótóin (candam éadrom) le fuinneamh scoite (bhí seo buntús na teoirice candamaí)
  • An Prionsabal Comhlántíochta : go bhféadfadh staidéar a dhéanamh ar ábhar ina gceann agus ina gceann ach a aimsiú go bhfuil cúpla gnéithe frithráiteacha.
Íomhá:Niels Bohr Institute Medal-A.jpg
Niels Bohr Institute

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • Léirmhíniú Cóbanhávan
  • Karl Siegbahn : D'éirigh leis fianaise ar sceallsamhail Neils Bohr don adamh a aimsiú, agus d'fhorbair sé an speictreascópacht X-ghathach.
  • Maighnéatrón Bohr : Móimint mháighnéadach an leictreoin a fhaightear ó mheicnic chandamach choibhneasaíoch, ag glacadh an leictreoin mar phonccháithnín. Ainrnnithe as Niels Bohr.
lena bhean Margrethe Nørlund sa bhliain 1910

Rinne sé taighde ar an mbuama adamhach sna Stáit Aontaithe le linn an dara cogadh domhanda.

Chuidigh sé le bunú Institiúid na Fisice Teoiriciúla i gCÓbanhávan

Báireoir cumasach sacair ab ea Niels Bohr.

Líon tí stuama staidéartha ab ea muintir Bohr. Sa bhliain 1975, lean Aage Bohr lorg a athar nuair a rug sé Craobh Nobel leis i ngort na fisice eithní.

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais". 
  2. Muiris Ó Meara. "A bhFuil Romhainn Amach". Dáta rochtana: 2018.