Micéiné
Micéiné | ||||
---|---|---|---|---|
Μυκῆναι (el) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | an Ghréig | |||
Limistéar riaracháin | Decentralized Administration of Peloponnese, Western Greece and the Ionian Islands (en) | |||
Réigiún riaracháin de chuid na Gréige | Peloponnese Region (en) | |||
Regional unit of Greece (en) | Argolis Regional Unit (en) | |||
Municipality of Greece (en) | Argos-Mykines Municipality (en) | |||
Daonra | ||||
Teanga oifigiúil | Gréigis na Mícéine | |||
Tíreolaíocht | ||||
Cuid de | list of Aegean place names in the Mortuary Temple of Amenhotep III (en) Archaeological Sites of Mycenae and Tiryns (en) | |||
Achar dromchla | 0.32 km² | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Suíomh seandálaíochta in aice le Mykines i nArgolis, oirthuaisceart na Peilipinéise, san Ghréig is ea Micéiné (Sean-Ghréigis: Μυκῆναι nó Μυκήνη, Mykē̂nai nó Mykḗnē). Tá sí suite timpeall 120 ciliméadar siar ó dheas ón Aithin; 11 ciliméadar ó thuaidh ó Argas; agus 48 ciliméadar ó dheas ón Choraint. Tá an suíomh 19 ciliméadar istigh faoin tír ón Mhurascaill Sharónach agus tógtha ar chnoc ag ardú 274 méadar os cionn leibhéal na farraige.[1]
"Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RC. Chuir an dream sin cathair Micéanae ar bun agus tugadh na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart.[1]"
"Tháinig an chéad phobal gurbh í an Ghréigis a dteanga don tír timpeall 2000 R.Ch., agus tar éis deireadh a theacht ar shibhialtacht na Mionóch, bhunaigh na luath-Ghréagaigh seo an tsibhialtacht go dtugtar Mícéinéach uirthi, a mhair ó 1600-1100 R.Ch. Is ó Ré na Mícéinéach a eascair na heipicí Hóiméaracha agus na scéalta i dtaobh Chogadh na Traoi, cé nár deineadh leagan údarásach díobh go dtí timpeall 700 R.Ch.[2]"
"I Mícéine na Gréige tá boghta coirbéalta ó timpeall 1300 RC a dtugtar Ciste Aitréas air.[3]"
"Ba thochaltóir tábhachtach seandálaíochta na Traí é Schliemann, mar aon leis na láithreáin Mícéineacha; an Mícéine agus an Tiryns. [4]
"Dhá ghrúpa tuamaí ríoga a fuarthas ag ceann thiar dhaingean na cathrach i Mícéiné na Gréige, na príomhshamplaí fionnta i 1876 ag Heinrich Schliemann (1822-1890)[5]."
Ríthe na Micéanaigh ab iad Steinileas agus Eoraistéas.
Tagairtí
- ↑ Bury, J. B.; Meiggs, Russell (1975). A History of Greece (Fourth ed.). London: MacMillan Press. ISBN 978-0-333-15492-2.