James Brown
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) James Joseph Brown 3 Bealtaine 1933 Barnwell, South Carolina |
Bás | 25 Nollaig 2006 73 bliana d'aois Atlanta, Georgia |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine agus cliseadh croí) |
Áit adhlactha | Beech Island |
Faisnéis phearsanta | |
Grúpa eitneach | Meiriceánaigh Afracacha |
Meáchan | 65 kg |
Airde | 1.68 m |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí is scríbhneoir, polaiteoir, pianódóir, giotáraí, monaróir, léiritheoir ceirníní, cumadóir, damhsóir, amhránaí, dearthóir fuaime |
Tréimhse oibre | 1954 – 2006 |
Ball de | |
Seánra | Anamcheol, func, doo-wop, na gormacha agus ceol gaspal |
Teangacha | Béarla |
Cineál gutha | Baratón |
Uirlis | Giotár, orgán, ceol gutha agus foireann drumaí |
Lipéad ceoil | Federal Records Polydor Records King Records Philips Records |
Eile | |
Céile | Velma Warren (1953–1969), colscaradh Deidre Jenkins (1970–1981), neamhniú pósta Adrienne Rodriguez (1984–1996), bás a c(h)éile Tomi Rae Hynie (2001–2006), bás |
Ciontaíodh i | ionsaí robáil |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | godfatherofsoul.com |
|
B'amhránaí Meiriceánach é James Brown (3 Bealtaine, 1933 - 25 Nollaig, 2006) chomh maith le bheith ina chumadóir amhrán, léiritheoir ceirníní, dhamhsóir, agus ina mháistir banna, freisin. Saolaíodh é faoin ainm James Joseph Brown, Jr. i mBarnwell, Carolina Theas sa bhliain 1933, agus cailleadh é in ospidéal in Atlanta, Georgia ar Lá Nollag 2006. Bhí sé 73 bliain d'aois. Duine de na ceoltóirí is tábhachtaí san 20ú haois a bhí ann. Is seisean a chuir tús leis an seánra ceoil sin, Func agus is mórphearsa é i stair cheoil agus damhsa móréilimh an 20ú céad. Is minic a dtugtar “Ceannródaí an Soul“ air.[2] Bhí tionchar suntasach aige ar fhorbairt roinnt mhaith seánra ceoil éagsúla agus é ag cur faoin i ngairm a mhair timpeall seasca bliain.[3]
Nuair a cuireadh tús lena ghairm sa cheol b’amhránaí cheoil soiscéalach é in Toccoa, Georgia. Chuaigh sé leis an ngrúpa canta ghutaigh R&B, the Gospel Starlighters (an grúpa óna bhforbraíodh na Flames), grúpa ina raibh ról an phríomhamhránaithe aige[4][5] Tharraingíodh aird an phobail air den chéad uair déanach sna 1950idí agus é ina bhall den ghrúpa amhránaithe The Famous Flames leis na bailéid a raibh an-ráchairt orthu "Please, Please, Please" agus "Try Me", agus tharraing sé teist taibheora beo dochloíte agus é ar stáitse leis na Famous Flames agus lena bhanna tacaíochta, arna tugadh the James Brown Band nó the James Brown Orchestra d’uaireanta. Bhain sé buaicphointe a ghairm amach sna 1960idí nuair a d’eisíodh an albam beo Live at the Apollo agus cnagshingilí dála "Papa's Got a Brand New Bag", "I Got You (I Feel Good)" and "It's a Man's Man's Man's World". Le linn an chuid ba dheireanaí de na 1960idí scair sé ó na foirmeacha ceoil a d’eascair go leanúnach ó na blues agus an ceol soiscéalach agus chuaigh sé le cur chuige "Africanized" amach is amach, ó thaobh an cumtha ceoil de, gníomh a d’fhág tionchar mór ar fhorbairt an cheoil func.[6] Faoi dheireadh chéad leath de na 1970idí, bhí fuaim lánfhorbartha an cheoil func leagtha amach ag Brown nuair a bhunaigh sé na J.B.s agus tá an fhuaim seo le cloisteáil i gceirníní dála "Get Up (I Feel Like Being a) Sex Machine" agus "The Payback". Tugadh aird air, freisin, as amhráin a raibh tráchtaireacht shóisialta iontu a chumadh, lena n-áirítear an chnagshingil "Say It Loud – I'm Black and I'm Proud “ in 1968. Lean Brown ar aghaidh ag casadh ceol ar stáitse agus ag taifeadadh ceol go dtí go bhfuair sé bás ó chliseadh plúchtach croí in 2006.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |