Uaschuarc
Is é an t-uaschuarc nó u-chuarc (ón a shiombail 'u') an cuarc is éadroime de na cuairc go léir, cineál de bhuncháithnín is ea é, agus is mórchomhábhar an damhna é. Is iad na cuarcanna atá de dhíth leis an neodrón is an prótón a dhéanamh ná an t-uaschuarc is an t-íoschuarc. Bíonn na neodróin comhdhéanta de 1 uaschuarc agus 2 íoschuarc agus na prótóin comhdhéanta de 2 uaschuarc agus 1 íoschuarc. Tá sé mar chuid de chéad ghlúin an damhna, agus tá lucht leictreach de 2 / 3 e aige agus mais lom de 1.5-3.3 MeV/c2. Cosúil le gach cuarc, is feirmíón bunúsach é le casadh-1 / 2, agus braitheann sé na ceithre idirghníomhaíochtaí bunúsacha: Imtharraingt, leictreamaighnéadas, idirghníomhaíochtaí laga, agus idirghníomhaíochtaí láidre. Is é frithcháithnín an uaschuairc an frithuaschuarc (ar a dtugtar in amanna an cuarc frithuas nó go simplí an frithuas), a bhíonn difriúil uaidh sa mhéid is go mbíonn a airíonna ar comhmhéid nó len a mhalairt comhartha.
Rangú | cuarc agus cáithníní bunúsacha |
---|---|
idirghníomhaíochtaí | idirghníomhú láidir, idirghníomhú leictreamaighnéadach, idirghníomhú lag agus imtharraingt |
Frithcháithnín | up antiquark (en) |
Lucht leictreach | 0.66666666666667 |
Guairne | 0.5 |
Paireacht | 1 |
Uimhir Monte Carlo | 2 |
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |