Slaodacht
Is tomhas é an tslaodacht[1] ar aimhleisce sreabháin chun sreafa, a bhaineann leis an bhfrithchuimilt (strus fiartha nó strus teanntachta) inmheánach sa sreabhán, nuair a ghluaiseann cuid amháin de thar chuid eile. Dá bhrí sin, tá deirtear go bhfuil uisce "tanaí", mar go bhfuil a shlaodacht ísle aige, cé go mbíonn mil "tiubh", mar go bhfuil a shlaodacht níos airde. Go simplí, bíonn níos mó gluaiseachta ag sreabhán a bhíonn ar shlaodacht íseal. Mar shampla, cruthaíonn magma feilseach ard-slaodacht stratabholcán a bhíonn ard agus géar, toisc nach féidir leis sreabhadh i bhfad roimh a fhuaraíonn sé, cé go gcruthaíonn magma mafach sciathbholcán le cruth leathan agus éadomhain. Bíonn roinnt strusfhriotaíochta ag gach fíor-shreabhán (ach amháin forshreabháin) agus dá bhrí sin tá siad slaodach, ach nuair nach mbíonn aon fhriotaíocht ag sreabhán in aghaidh struis tugtar sárshreabhán nó sreabhán neamhvisciúil air.
Cineál | airíonna meicniúla |
---|---|
Siombail | η agus μ |
Foirmle |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): slaodacht” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-05-03.
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |