Lainseáladh dhá spásárthach, Voyager 1 is Voyager 2, i 1977, bliain a raibh fithisí na bpláinéad go léir oiriúnach chun gurbh fhéidir le spásárthach amháin eitilt thar gach ceann acu is pictiúir a ghlacadh díobh in aon chamchuairt amháin. Mar sin, tar éis lainseáil Voyager 1 chuaigh sé thar Iúpatar i 1979 is thar Shatarn i 1980. Lainseáladh Voyager 2 i 1977 agus thrasnaigh sé Iúpatar i 1979, Satarn i 1981, Úránas i 1986, agus Neiptiún i 1989. Faoi 1991 bhí an dá spásárthach ag druidim i dtreo an héalastad mar a dtéann réimse maighnéadachna Gréine i léig. Ghlac siad an-chuid pictiúr de na pláinéid seo uile, agus thug an chéad léargas ar bholcáin Io, gealach de chuid Iúpatair, agus an-chuid dá bhfuil ar eolas faoi Úránas is Neiptiún. Fuinnmhithe ag gineadóirí teirmileictreacha RTG, agus an teas ó mheath mais raidiseatóip mar fhoinse teasa acu.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an spáis nó spáseitilt é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.