Toirdhealbhach mac Diarmada Ua Briain
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 7 Samhain 1167 (Féilire Ghréagóra) |
Rí na Mumhan | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Céile | Mór Ní Conchobair |
Páiste | Domhnall Mór Ó Briain, Muircheartach mac Toirdhealbhach Ua Briain |
Athair | Diarmait Ua Briain agus Sadhbh Nic Cárthaigh |
Siblín | Conchúr Ó Briain |
Rí na Mumhan ba ea Toirdhealbhach mac Diarmada Ó Briain. Bhí réimeas le briseadh aige ón mbliain 1142 go dtí 1165.
Diarmait Ua Briain, rí Mhumhan, ba ea a athair. Tháinig sé i gcoróin ar dtús sa bhliain 1142, chuir a dhearthár Tadhg sa bhliain 1151 ach tháinig sé i gcomharbacht ais i ndiaidh bhás Thadhg sa bhliain 1154.
Rinne an tArdrí Muircheartach Mac Lochlainn ionsaí ar an Mumhain sa bhliain 1157. Chuir sé an ruaig ar Thoirdhealbhach, agus críochdheighil sé an Mhumha idir a chol ceathrar Conchúr mac Domhnaill Ó Briain, agus Cormac Mac Cárthaigh. Cuireadh ar ais i gcoróin é i dTuadhmhumhain sa bhliain 1157 ag rí na gConnacht, Ruairí Ó Conchúir, a rinne ionsaí ar na Mumhain agus socraithe Muircheartach a scriosadh. Cuireadh as a choróin é sa deireadh ag a mhac Muircheartach sa bhliain 1165. Fuair sé bás sa bhliain 1167, agus adhlacadh é i gCill Dalua.[1]
Clann
[cuir in eagar | athraigh foinse]Phós Toirdhealbhach iníon Mhic Cárthaigh Mhóir, fuair bás gan chlann. Phós sé ansin Sadhbh Mhic Giolla Phádraig, iníon rí Osraí Donnchadh (bás 1039), agus bhí seisear mac acu:[2]
- Domhnaill Mór
- Muircheartach (chomharba a athar)
- Brian
- Diarmaid
- Consaidin, Easpag Chill Dalua (bás 1194) (sinsear Mhic Consaidín)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, ACM 1167.7
- ↑ John O'Hart, Irish Pedigrees or the Origin and Stem of the Irish Nation, Imleabhar 1, 1892, lch. 158