Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Nicholas Winton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNicholas Winton

(2007) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Nicholas George Wertheim Cuir in eagar ar Wikidata
19 Bealtaine 1909
Hampstead, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Iúil 2015
106 bliana d'aois
Slough, England Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ionfharchtadh miócairdiach)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Stowe Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmbusiness broker (en) Aistrigh, saighdiúir, trodaí frithbheartaíochta, daonchara, baincéir, daonnúlach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1938 –
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
Brainse míleataAn tAerfhórsa Ríoga
Céim mhíleataleifteanant eitilte Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Teaghlach
PáisteBarbara Winton Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinnicholaswinton.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1051211 Find a Grave: 148511249 Cuir in eagar ar Wikidata

Baincéir agus daonchara Briotanach ab ea an Ridire Nicholas George Winton, nó an 'Schindler Sasanach' mar a bhaist na meáin air[1][2] (a rugadh mar Nicholas George Wertheim; 19 Bealtaine 19091 Iúil 2015). Agus an Dara Cogadh Domhanda ag bagairt ar an Eoraip sa bhliain 1939, d’éirigh leis tarrac ar sheacht gcéad leanbh óg, ar Ghiúdaigh iad a bhformhór mór, a tharrtháil ó uafáis na Naitsithesa tSeicslóvaic.[3]

Nicholas Winton i 1938
2007

I Hampstead i Londain a rugadh Winton. Ba de shliocht Gearmánach Giúdach é (cé gur Críostaí é féin agus aindiachaí níos déanaí); chuaigh a thuismitheoirí ar imirce go Sasana ag tús an fichiú haois.[1]

In 1939, bhí dream beag Sasanach sa tír ag déileáil le teifigh pholaitiúla a thabharfaí chuig Sasana. Chinn Winton rud éigin a dhéanamh faoi na leanaí.  Sé an maorlathas an dris chosáin is mó a bhí aige. Páipéarachas le cur i gcrích, tuismitheoirí altrama le hearcú, cúrsaí iompair le sortáil, na dlíthe a athrú agus gan amhras airgead le bailiú.

D'eagraigh Winton traenacha speisialta a thug thar an nGearmáin agus an Ísiltír iad go calafort inar cuireadh ar bord bád iad go dtí an Bhreatain Mhór. I Sasana dóibh fuarthas teaghlaigh a ghlacfadh isteach iad.

Cuimhneachán "Fur Das Kind" i Liverpool Street Station, Londain, tiomnaithe do Winton

Ní raibh aon chur amach ag an bpobal i gcoitinne ar éachtaí Winton agus ba nuair a thosaigh sé ag taispeáint a leabhar gearrthóg do dhaoine is ea a tosnaíodh ag cur suime sa scéal. Tháinig a bhean chéile ar dtús sna 1980idí ar a scéal a rinne sé faoi iompar na bpáistí go Sasana.

Shroich seo buaic le heagrán de That’s Life! mar ar insíodh scéal Winton agus gur cuireadh cuid de na leanaí ina láthair. Ba mhothúchánach an mhír é.[2] "Schindler Briotanach" a bhaist preas na tíre úd air.

Ní raibh Winton bródúil as a ghaisce ach suaite faoin dream nár fhéad sé a tharrtháil, go mór mór iad siúd a bhí ar traein a bhí ag fágáil ar an 1 Meán Fómhair 1939 ach gur stopadh í.

I Slough, Berkshire a d'éag Winton in aois a 106 bliana.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Breandán M Mac Gearailt (11 Eanáir 2024). "Scéal an Schindler Shasanaigh inste le cúram in ‘One Life’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-16.
  2. 2.0 2.1 BBC. "Sir Nicholas Winton - BBC Programme "That's Life" a chraoladh in 1988" (as en). 
  3. "Nicholas Winton, Rescuer Of Jews". web.archive.org (2018-03-12). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-03-12. Dáta rochtana: 2024-01-15.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Winton" (en-GB) (2003-01-05). Dáta rochtana: 2024-01-15.