Napailm
Cuma
Cineál | meascán agus breosla |
---|---|
Stair táirgthe | |
Dearthóir | Louis Fieser |
Lón cogaidh i bhfoirm boiscíní a chaitear ó eitleán de ghnáth. Bíonn na boiscíní lán de ghlóthach peitriliam, agus nuair a thiteann siad ar thargaid — feithicil nó foirgneamh treisithe, nó daoine — briseann na boiscíní, scaipeann an glóthach a ghreamaíonn le haon dromchla a dtiteann sé air, agus téann trí thine. Is é atá sa ghlóthach ná gallúnach alúmanaim d'aigéad naftaineach is aigéad pailmíteach. D'úsáid na Meiriceánaigh go forleathan le linn an chogaidh i Vítneam í.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Napailm". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 476.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |