Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Melbourne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMelbourne
Bratach Armas
Bratach Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

LeasainmMelbs Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósWilliam Lamb Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 37° 48′ 51″ S, 144° 57′ 47″ E / 37.8142°S,144.9631°E / -37.8142; 144.9631
Stát ceannasachan Astráil
Stát de chuid na hAstráileVictoria Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Victoria (1901–) Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán5,031,195 (2022) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús503.47 hab./km²
Teanga oifigiúilBéarla na hAstráile Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla9,993 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceAbhainn Yarra agus Bá Port Phillip Cuir in eagar ar Wikidata
Airde31 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú30 Lúnasa 1835
Eachtra thábhachtach
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist3000–3207 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód0370, 0371, 0372, 0374, 0376, 0377, 0378, 0379, 0383, 0385, 0386, 0390, 0391, 0392, 0393, 0394, 0395, 0396, 0398 agus 0399 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinvisitmelbourne.com Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: visitmelbourne Twitter: Melbourne Instagram: visitmelbourne Youtube: UClWHSwTH77SzIvmzT6l6IBQ TikTok: visitmelbourne Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Melbourne (Boonwurrung/Woiwurrung: NarrmNaarm) an phríomhchathair stáit agus an chathair is mó in Victoria. Is é an dara cathair is mó san Astráil é tar éis Sydney. Tá timpeall is 3.9 milliún duine ina gcónaí i ngar do lár na cathrach agus 69,670 ina gcónaí i gcathair Melbourne féin.

Ba é Melbourne príomhchathair na hAstráile ó 1901 go dtí 1927.

Fógraíodh roinnt blianta ó shin gurbh é Melbourne an chathair is fearr ar domhan le maireachtáil inti, de réir suirbhé idirnáisiúnta.

Is cathair ilchultúrtha é Melbourne, a bhfuil daoine as 41 tír dhifriúil ina gcónaí ann. Tar éis an Dara Cogadh Domhanda tháinig na mílte inimirceach ón nGréig agus ó thíortha eile chun na hAstráile. Chuir beagnach leath na nGréagach úd fúthu in Melbourne.

Tá díospóireacht ar siúl le blianta anuas mar gheall ar bhunús na peile Astrálaí, ach níl aon amhras ach gur in Victoria a imríodh an chéad chluiche riamh, agus ba in Melbourne a leagadh síos na rialacha den chéad uair. Bunaíodh an chéad chomórtas peile Astrálaí in Melbourne go déanach sa 19ú haois, agus ar feadh thart ar chéad bliain ina dhiaidh sin, bhí an comórtas peile Astrálaí is fearr sa tír ar siúl sa chathair.

Melbourne – Aeráid
Eanáir Feabhra Márta Aibreán Bealtaine Meitheamh Iúil Lúnasa Meán Fómhair Deireadh Fómhair Samhain Nollaig Bliain
Teocht is airde (°C) 45.6 46.4 41.7 34.9 28.7 22.4 23.1 26.5 31.4 36.9 40.9 43.7 46.4
Meán-uasteocht an lae (°C) 25.9 25.8 23.9 20.3 16.7 14.0 13.4 14.9 17.2 19.6 21.9 24.2 19.8
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) 14.3 14.6 13.2 10.7 8.6 6.9 6.0 6.7 7.9 9.5 11.1 12.9 10.2
Teocht is ísle (°C) 5.5 4.5 2.8 1.5 −1.1 −2.2 −2.8 −2.1 −0.5 0.1 2.5 4.4 −2.8
Meán-bháisteach (mm) 47.6 47.3 50.2 57.3 56.2 49.2 47.7 50.2 57.9 66.2 59.5 59.2 648.5
Foinse: Bureau of Meteorology[1] Eanáir 2011

Comhchathracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. (Béarla) "Climate statistics for Australian locations - Melbourne Regional Office", Bureau of Meteorology (20 Eanáir, 2011).
  2. (Béarla) "Twinning Cities" Curtha i gcartlann 2009-03-31 ar an Wayback Machine, City of Thessaloniki.