Jacob Rees-Mogg
Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe is ea Jacob William Rees-Mogg. Tá sé i bhfad amach ar an eite dheis; Breatimeachtóir agus Eoraisceipteach, creideann sé sa tsaoriomaíocht.
Chaill sé a shuíochán mar Fheisire Parlaiminte san Olltoghchán 2024.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Rees-Mogg i Hammersmith, Londain ar an 24 Bealtaine 1969. Bhí sí seanórtha mar pháiste rinneadh clár faisnéis faoi sa bhliain 1981, agus in aois 12 dó.[2] D'hfreastail sé ar Eton agus Ollscoil Oxford.
feisire parlaiminte
Beartaí comhcheilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Idir 2018-2019, bhí treáaniarrachtaí déanta ag Rees-Mogg a chomhghleacaithe a ghríosú chun tabhairt faoi cheannaire na dTóraithe Theresa May a dhíbirt.[3] Dúirt sé ag anm nach mbeadh i ndán do na Tóraithe ach May a bheith fós ina príomh-aire faoi thoghchán 2020 mura ndéanfaí an deis a thapú fáil réidh léi.
Ceannaire Theach na dTeachtaí, 2019-2022
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2021, thug Rees-Mogg 'teanga iasachta' ar an mBreatnais. Dúirt sé go raibh “modest quotation in foreign languages” ceadaithe ach nach raibh óráidí iomlána i dteanga eile seachas an Béarla ceadaithe.[4]
Aire, 2022-
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2022, cheap Liz Truss Rees-Mogg mar Aire Gnó agus Fuinneamh. Thug sé isteach bearta rialaithe nua chun fraiceáil (scoilteadh hiodrálach) a cheadú i Sasana. Níl sé cinnte go bhfuil an aeráid ag athrú.[5]
Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is Caitliceach é Rees-Mogg agus go tréan ar son na beatha.[6]
Phós sé Helena Anne Beatrix Wentworth Fitzwilliam de Chair sa bhliain 2007, san Ardeaglais Canterbury agus an t-aifreann i Laidin.
Tá seisear clainne orthu.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Tory big beasts who have lost their seats: Liz Truss, Penny Mordaunt and Grant Shapps among ministers to go" (en). Sky News. Dáta rochtana: 2024-07-05.
- ↑ INA (1981). "Jacob, 12 years old, precocious trader and fan of Thatcher" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2018). "Rabhadh eile tugtha ag Rees-Mogg faoi cheannaireacht May agus tús curtha le dúshlán an DUP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-23.
- ↑ tuairisc.ie (2021). "FÍSEÁN: Raic in Westminster faoi fheisire a labhair Gaeilge agus Breatnais" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-23.
- ↑ "Record of climate denialism indicates how Rees-Mogg will handle energy brief" (en). the Guardian (2022-09-06). Dáta rochtana: 2022-09-22.
- ↑ catholicworldreport.com (2019). "The unashamedly Catholic and conservative Jacob Rees-Mogg". Dáta rochtana: 2022.