Jack Kerouac
(1956) | |||||||||||||||||
Beathaisnéis | |||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | (fr) Jean-Louis Lebris de Kérouac 12 Márta 1922 Lowell, Massachusetts | ||||||||||||||||
Bás | 21 Deireadh Fómhair 1969 47 bliana d'aois St. Petersburg, Florida | ||||||||||||||||
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Fuiliú inmheánach) | ||||||||||||||||
Áit adhlactha | Edson Cemetery (en) | ||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | |||||||||||||||||
Reiligiún | An Búdachas agus Caitliceachas | ||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Columbia Ardscoil Lowell | ||||||||||||||||
Teanga dhúchais | Fraincis Cheanada | ||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
Réimse oibre | Litríocht Mheiriceánach, úrscéal dírbheathaisnéiseach agus American poetry (en) | ||||||||||||||||
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir scripte, úrscéalaí, file, scríbhneoir próis | ||||||||||||||||
Gluaiseacht | An Ghlúin Beat | ||||||||||||||||
Faoi thionchar | |||||||||||||||||
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Saothar | |||||||||||||||||
Saothar suntasach
| |||||||||||||||||
Suíomh a chartlainne | |||||||||||||||||
Teaghlach | |||||||||||||||||
Céile | Edie Parker (1944–1948) Joan Kerouac (1950–1951) Stella Sampas (1966–1969), bás an duine | ||||||||||||||||
Athair | Léo Alcide Kerouac agus Gabrielle Ange Lévesque | ||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | jackkerouac.com | ||||||||||||||||
|
Údar agus file Meiriceánach ab ea Jack Kerouac (12 Márta, 1922 – 21 Deireadh Fómhair, 1969). Duine de scríbhneoirí móra a linne a bhí ann, agus é ina cheannródaí ar ghluaiseacht liteartha an Beat Generation in éineacht le William S.Burroughs agus Allen Ginsberg.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Fraincis ó dhúchas ag Kerouac, agus níor thosaigh sé ag foghlaim Béarla ach in aois a shé bliana dó. Ba as Québec dá athair is dá mháthair, agus tógadh Jack le Fraincis, ionas gurbh í sin an teanga a labhraíodh sé riamh lena thuismitheoirí.
Ba chlódóir é a athair, Léo Keroack (1889-1946). Bhí gaol ag Léo leis an mbráthair Marie-Victorin (Conrad Kirouac), scríbhneoir agus luibheolaí arbh é a chuir bun le gairdín luibheolaíochta Montréal. Gabrielle-Ange Lévesque (1895-1972) an t-ainm a bhí ar mháthair Jack (Jean-Louis), agus thugadh an mac "Mémère" uirthi.
Col ceathair don pholaiteoir René Lévesque a bhí inti - an fear céanna a bhunaigh an Parti Québecois i ndeireadh na seascaidí agus a bhí ina Phríomh-Aire ar Québec sna blianta 1976-1985. Pósadh Léo agus Gabrielle-Ange i mí Dheireadh Fómhair 1915.
Is beag a scríobh Jack ina theanga dhúchais seachas cúpla lámhscríbhinn, ach dealraíonn sé gur as Fraincis a bhreac sé síos an chéad dréacht don úrscéal On the Road.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú agus cáil ar a shaothar inniu, ach ní bhfuair sé aitheantas ceart lena lá féin. Scríbhneoir cultais a bhí ann ar dtús, is é sin, scríbhneoir nach raibh suim ach ag dornán beag díograiseoirí ann. Ba í Ann Charters, eagarthóir a chuid leabhar, a bhain amach aitheantas dó tar éis a bháis.
Bhí an-tionchar aige ar scríbhneoirí eile ar nós Hunter S. Thompson, Tom Robbins, Lester Bangs, Will Clarke, Richard Brautigan, Ken Kesey, Haruki Murakami agus Tom Waits. Luaigh an file Gaeilge Cathal Ó Searcaigh a thionchar sa dán (Do Jack Kerouac) in The Bright Wave/An Tonn Gheal, cnuasach dátheangach a foilsíodh sa bhliain 1986.
Is iad na leabhair is cáiliúla a tháinig óna pheann ná
- On the Road, a chaitheann súil an scéalaí shiúlaigh ar shaol na Stát Aontaithe timpeall ar lár na fichiú haoise;
- The Dharma Bums, a thugann cur síos ar chairdeas Kerouac leis an bhfile Gary Snyder (sa leabhar "Japhy Ryder") agus ar an dóigh ar fhoghlaim sé uraiceacht an Bhúdachais ó Snyder;
- Big Sur, a thráchtann ar iarrachtaí an scríbhneora éalú ó aer an tsaoil chathartha i gcoillte Big Sur i gCalifornia;
- Subterraneans, scéal dírbheathaisnéisiúil eile faoi shaol na n-ealaíontóirí is na n-intleachtóirí i Nua-Eabhrac;
- Desolation Angels, inar inis sé conas a d'éirigh sé tuirseach den Bhúdachas; agus
- Visions of Cody, arb é an saothar is saibhre, is éagsúla ó thaobh na stíle is na foirme de a scríobh Kerouac riamh.
- Is féidir blas na dírbheathaisnéise a aithint ar na saothair seo go léir, ach is féidir a rá go raibh Kerouac ag iarraidh cineál miotaseolaíochta dá chuid féin a fháscadh as imeachtaí a shaoil.
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úrscéalta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Orpheus Emerged (1944-1945; foilsithe 2002) (ISBN 0-7434-7514-3)
- And the Hippos Were Boiled in Their Tanks, le William S. Burroughs (1945; foilsithe 2008) (ISBN 978-1-84614-164-5)
- The Town and the City (1946-1949) (ISBN 0-15-690790-9)
- On the Road (1948-1956) (ISBN 0-14-004259-8)
- Visions of Cody (1951-1952) (ISBN 0-14-017907-0)
- Pic (1951 & 1969) (ISBN 0-7043-1122-4, as cló; le fáil faoi láthair in ISBN 0-8021-3061-5)
- Book of Dreams (1952-1960) (ISBN 0-87286-027-2)
- Doctor Sax (1952) (ISBN 0-8021-3049-6)
- Maggie Cassidy (1953) (ISBN 0-14-017906-2)
- The Subterraneans (1953) (ISBN 0-8021-3186-7)
- Tristessa (1955-1956) (ISBN 0-14-016811-7)
- Visions of Gerard (1956) (ISBN 0-14-014452-8)
- Desolation Angels (1965) (ISBN 1-57322-505-3)
- The Dharma Bums (1957) (ISBN 0-14-004252-0)
- Lonesome Traveler (1960) (ISBN 0-8021-3074-7)
- Big Sur (1961) (ISBN 0-14-016812-5)
- Satori in Paris (1965) (ISBN 0-394-17437-2, as cló; le fáil faoi láthair in ISBN 0-8021-3061-5)
- Vanity of Duluoz (1968) (ISBN 0-14-023639-2)
- Road Novels: 1957-1960 Douglas Brinkley, ed. (New York: Library of America, 2007) ISBN 978-1-59853-012-4
Filíocht agus píosaí eile
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Atop an Underwood: Early Stories and Other Writings (1936-1943) (ISBN 0-670-88822-2)
- Mexico City Blues (1955)
- Scattered Poems (1945-1968)
- Book of Sketches (1952-1957)
- Good Blonde & Others (1955) (ISBN 0-912516-22-4)
- Old Angel Midnight (1956) (ISBN 0-912516-97-6)
- Heaven and Other Poems (1957-1962)
- Trip Trap: Haiku on the Road from SF to NY (1959) (le Albert Saijo agus Lew Welch)
- Pomes All Sizes (tiomsaithe 1960)
- San Francisco Blues (1954)
- Book of Blues (1954-1961)
- Book of Haikus (foilsithe 2003)
- Dear Carolyn: Letters to Carolyn Cassady (1983) (1000 cóip Curtha in eagar ag Arthur agus Kit Knight) ISBN 0-934660-06-9
- The Scripture of the Golden Eternity (1956) ISBN 0-87286-291-7
- Wake Up (1955)
- Some of the Dharma (1954-1955)
- Beat Generation (dráma scríofa sa bhliain 1957, ach níor thángthas air agus níor foilsíodh é go dtí an bhliain 2005)[1]
- Jack Kerouac: Selected Letters, 1940-1956
- Jack Kerouac: Selected Letters, 1957-1969
- Windblown World: The Journals of Jack Kerouac (1947-1954)
- Safe In Heaven Dead (Agallaimh)
- Conversations with Jack Kerouac (Agallaimh)
- Empty Phantoms (Agallaimh)
- Departed Angels: The Lost Paintings
- Readings by Jack Kerouac on the Beat Generation (1959) (LP)
- Poetry For The Beat Generation (1959) (LP)
- Blues And Haikus (1960) (LP)
- The Jack Kerouac Collection (1990)
- The Jack Kerouac Romnibus(1995)
- Reads on the Road (1999)
- Doctor Sax & Great World Snake (2003)
- Door Wide Open (2000) le Joyce Johnson. Litreacha ó Kerouac.
Scannáin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Pull My Daisy (1959 - gearrscannán) [2] Curtha i gcartlann 2007-10-12 ar an Wayback Machine
- What Happened to Kerouac? (1986 - clár faisnéise) [3]