Fuinneamh gaoithe
Tagann fuinneamh na gaoithe, fuinneamh gaoithe nó cumhacht ghaoithe ó fhuinneamh radaíocht na Gréine, de bhrí go dtéann an radaíocht sin réimsí éagsúla an Domhain ar shlite éagsúla.[2]
Gaoth
[cuir in eagar | athraigh foinse]Téann radaíocht na Gréine an Domhan níos mó ag an meánchiorcal ná ag áiteanna ó thuaidh nó ó dheas, agus mar sin bíonn difríocht teochta idir na réigiúin seo. Éiríonn an t-aer te ag na teochreasa, agus séideann aer fuar isteach i dtreo an mheánchiorcail i ngaoth chomhiompair. Cuireann rothlú an Domhain ar a ais claonadh ar na gaotha seo, chun na trádghaotha a chruthú. Ansin filleann an t-aer te sin a bhí ag an meánchiorcal, tar éis a fhuartha, ar ais ar dhromchla an Domhain ag na trópaicí timpeall 23° ón meánchiorcal. Leanann cuid den aer seo mar thrádghaotha, ach séideann cuid eile i dtreo na Mol.[2]
Nuair a chlaontar na gaotha seo le rothlú an Domhain, is frith-thrádghaotha iad.
Is fuinneamh cinéiteach é fuinneamh na gaoithe, agus braitheann an oiread fuinnimh atá inti ar luas na gaoithe cearnaithe. De bhrí go séideann an ghaoth chomh láidir rialta ar fud na hÉireann, tá sí an-oiriúnach chun feidhm a bhaint as an acmhainn fuinnimh seo.[2]
Giniúint cumhachta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear muilte gaoithe nua-aoiseacha chun an fuinneamh seo a thiontú ina fhuinneamh leictreach. Braitheann an oiread fuinnimh is féidir a fháil ón ngaoth le muileann gaoithe ar an bhfairsinge a rothlaíonn na liáin tríthi: a bheag nó a mhór, fad an liáin cearnaithe agus luas na gaoithe ciúbaithe.[2]
In Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Léiríonn na figiúirí do mhí Dheireadh Fómhair 2024 gur chuir fuinneamh gaoithe 35% de leictreachas ar fáil in Éirinn (níor tháinig ach 4% ón ngriamchumhacht agus ó fhoinsí eile inathnuaite). Ciallaíonn sé gur ghin feirmeacha gaoithe beagnach an tríú cuid de leictreachas na tíre sa chéad 10 mí den bhliain 2024.[3] Cé gur éirigh go maith le feirmeacha gaoithe na hÉireann in 2024, bhí 2024 an bhliain is measa maidir le fuinneamh a chur amú, dar le Fuinneamh Gaoithe Éireann. Cailleadh 14% de tháirgeadh fuinnimh gaoithe sa chéad trí ráithe den bhliain 2024 de bharr dhúshláin leis an ngréasán tarchurtha, mar gheall ar fhuinneamh gaoithe a bheith caillte de bharr an gréasán leictreachais gan bheith sách láidir leis an bhfuinneamh a iompar. Nuair a tharlaíonn sé seo, tugtar treoir d’fheirmeacha gaoithe an méid cumhachta a tháirgeann siad a laghdú nó a mhúchadh go hiomlán, rud a chiallaíonn go n-úsáidfear níos mó breoslaí iontaise.
Tháinig laghdú 26% in 2024 ar an meánchostas a bhain le meigeavata-uair an chloig leictreachais ar na laethanta ba mhó cumhacht gaoithe.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cedars Walkers". www.cedarswalkers.org.uk. Dáta rochtana: 2024-11-18.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Hussey, Matt (2011). "Fuinneamh gaoithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 295.
- ↑ 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2024-11-18). "An ghaoth a ghin 35% de leictreachas na míosa seo caite" (as ga-IE).