Elijah Muhammad
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en-us) Elijah Poole 7 Deireadh Fómhair 1897 Sandersville, Georgia |
Bás | 25 Feabhra 1975 77 bliana d'aois Chicago, Illinois |
Siocair bháis | Bás nádúrtha |
Áit adhlactha | Mount Glenwood Memory Gardens (South) (en) 41° 33′ 24″ N, 87° 36′ 57″ O / 41.556544°N,87.615722°W |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Náisiún Ioslam |
Gníomhaíocht | |
Gairm | ministir Moslamach, polaiteoir |
Teaghlach | |
Céile | Clara Muhammad |
Ceannaire Náisiún Ioslam ab ea Elijah Muhammad a rugadh leis an ainm Elijah Robert Poole ar an 7 Deireadh Fómhair, 1897 i Sandersville, Georgia agus a fuair bás ar an 25 Feabhra, 1975. Bhí tionchar nach beag ag Elijah Muhammad ar dheisceabail eile amhail Malcolm X, Louis Farrakhan, Muhammad Ali agus a mhac Warith Deen Mohammed.
Bhí Elijah Muhammad ar duine de thriúr dhéag clainne a saolaíodh i mbochtanas i ndeisceart na tíre. Seanmóirí agus feirmeoir ab ea a athair William Poole Sr. (1868–1942) agus bean tí ab ea a mháthair Mariah Hall (1873–1958). Bhí cúrsaí eacnamaíochta agus fostaíochta thar a bheith géar sa chuid sin den tír — do dhaoine gorma go háirithe — agus thugadar aghaidh ar na cathracha móra ó thuaidh chun a gcuid a fheabhsú. Shocraíodar in Hamtramck, Michigan agus an Spealadh Mór fós i mbarr a réime.
Agus é i mbun oibre in Detroit fuair Elijah Muhammad an chéad bhlas d'Ioslam ag cruinniú i mí Lúnasa na bliana 1931.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |