Dòmhnall Mac an Deòir
Bhí Dòmhnall Mac an Deòir nó Donald Dewar i mBéarla (a rugadh ar 21 Lúnasa 1937 agus a d'éag ar 11 Deireadh Fómhair 2000) ina dhlíodóir agus ina pholaiteoir Albanach, agus an chéad duine a ceapadh mar Chéad Aire na hAlban.[1]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Céimí de chuid Ollscoil Ghlaschú (MA 1961 LLB 1964) ab ea Mac an Deòir agus cháiligh sé ina aturnae.[2]
Ghlac sé páirt ghníomhach i bpáirtí an Lucht Oibre agus i bpolaitíocht ní ba leithne óna laethanta ollscoile ar aghaidh (is iomaí duine a raibh aithne aige air ag an am sin a shíl go ndearna sé céim sa dlí go pointe áirithe mar leithscéal chun cur leis an tréimhse a chaith sé san ollscoil). Sa bhliain 1966 toghadh Mac an Deòir mar Fheisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre nuair a bhí sé ocht mbliana fichead d'aois, in Obar Dheathain Theas (tar dó seasamh sa toghcheantar gan rath sa bhliain 1964.)
Tar éis dó a shuíochán a chailleadh sa bhliain 1970, bhí sé ina Thuairisceoir i bPainéal "Leanaí Shiorrachd Lannraig" ar feadh tamaill, sula ndeachaigh sé isteach sa chomhlacht Ross Harper Murphy, áit a ndearnadh comhpháirtí de sa bhliain 1975.
Sa bhliain 1978 toghadh chun na Parlaiminte arís é, i bhfothoghchán Ghlaschú Gart Sgadan agus bhí sé ina fheisire ar feadh dhá bhliain fichead ina dhiaidh sin. Bhí sé ina Scáth-Rúnaí Stáit d'Albain (1983-92), ina Scáth-Rúnaí Stáit Slándála Sóisialta (1992-95) agus ina Phríomh-Aoire ar an bhFreasúra (1995-97).
Mar urlabhraí an fhreasúra, bhí tionchar mór ag an méid a dúirt sé i roinnt díospóireachtaí maidir le hathchóiriú dlí na hAlban.
Féinriail
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tar éis do Pháirtí an Lucht Oibre an chumhacht a bhaint amach arís, rinneadh Rúnaí Stáit d'Albain de. Thug sé tús áite do reifreann cineachaidh na bliana 1997 a bhuachan. Tar éis é sin a dhéanamh, bhí sé i mbun Bhille na hAlban, 1998, a athbhunaigh Parlaimint na hAlban.
Tar éis bhunú an rialtais cineachta i nDún Éideann i mí na Bealtaine 1999, rinneadh an chéad cheannaire ar Pháirtí Lucht Oibre na hAlban agus Céad-Aire na hAlban de, i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach Liobrálach. Bhí cealú na tionachta feodaí i measc phríomhbheartais an rialtais nua.
Bás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2000, bhí ar an Uasal Mac an Deòir saoire leighis ar trí mhí (Bealtaine go Lúnasa) a thógáil, mar gheall ar obráid croí, agus ar 11 Deireadh Fómhair bhuail rith fola san inchinn é. Fuair sé bás an lá dár gcionn, gan teacht chuige féin arís.
I mí na Samhna 2000, d'fhoilsigh Iris Dhlí-Chumann na hAlban léirmheas báúil ar an saol oibre mar dhlíodóir a bhí ag an Uasal Mac an Deòir, scríofa ag Ross Harper.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "A shuíochán slán ag the Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-08-21.
- ↑ Scoil Dlí, COBÁC. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-08-21.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |