Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Beachaireacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí GairmBeachaireacht
Cineál fostaíochta
scil phroifisiúnta agus feirmeoireacht feithidí


Coinneáil beach i gcoirceoga le haghaidh meala is céarach is ea beachaireacht[1]. Úsáidtear beacha chun úlloird is barra eile, cosúil le síol ráibe, a phailniú. Titeann Lá Domhanda na mBeach ar an 20 Bealtaine gach bliain.

Is eol go raibh beachaireacht ann sa chlochaois, le coirceoga tútacha déanta as adhmad, is dócha.[2] Níos déanaí rinne feirmeoirí Eorpacha coirceoga as tuí, cosúil le ciseán bun os cionn.

Eastarraingteoir

Rugadh an beachaire Anton Janša ar an 20 Bealtaine 1734. Cuimhnítear air mar gheall ar mhéid agus cruth na gcoirceog a athrú ionas gur féidir iad a chruachadh, rud a d’fhág go raibh na coirceoga níos éasca le húsáid agus níos éifeachtaí.[3]

Cuireadh tús le beachaireacht tráchtála sna 1880í tar éis bhunú Chumann Beachairí na hÉireann (FIBKA) in 1881. Dúnadh Cumann Beachairí na hÉireann i 1939 mar gheall ar bhallraíocht a bheith ag laghdú. Is iad an dá phríomhchomhlachas beachaireachta in Éirinn sa lá atá inniu ann ná Cónaidhm Chumainn Bheachairí na hÉireann (FIBKA) agus Cumann Beachairí na hÉireann.[4]

Tá thart ar 600,000 beachaire ann san Aontas Eorpach.[5] Tá an tAontas sa dara háit ar domhan (i ndiaidh na Síne) ó thaobh tháirgeadh meala de.

Is caitheamh aimsire do bheachairí áirithe í. Chomh maith leis an mil a fhaigheann siad, déanann siad staidéar ar iompar na mbeach.[6]

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. "Tá beachaireacht á cleachtadh in Éirinn le os cionn 1,500 bliain" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021-06-15). Dáta rochtana: 2024-05-21.
  3. "Anton Janša" (as en) (2024-05-15). Wikipedia. 
  4. "Beekeeping in Ireland" (as en) (2024-01-20). Wikipedia. 
  5. "Grafaic faisnéise: tábhacht na beachaireachta san Eoraip" (ga). Topaicí | Parlaimint na hEorpa (2018-02-28). Dáta rochtana: 2024-05-21.
  6. Hussey, Matt (2011). "Beachaireacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 67.