Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Crágchoimpléasc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sa cheimic, tugtar crágchoimpléasc[1] ar an gcineál coimpléasc a chruthófar má théann liogann ildéadach i dteagmháil le hadamh lárnach, ionas go mbeidh an t-adamh leabaithe istigh i "gcrág" na liogainne. Is é an t-aigéad eitiléindé-aimínteatraicéiteach (an tEDTA) an chomhdhúil chrágach is tábhachtaí. Mar is léir ón ainm, tá ceithre charbocsailghrúpa ann ar féidir leo dul i dteagmháil le hian miotail, cuir i gcás.

  1. “crágchoimpléasc” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-05-24.