Cathair na Mart
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Cathair na Mart | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Chonnacht | ||||
Contae in Éirinn | Contae Mhaigh Eo | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 6,198 (2016) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Airde | 80 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 132920 | ||||
Suíomh gréasáin | westporttc.ie |
Is baile í Cathair na Mart (Béarla: Westport agus Cahernamart) atá in iarthar Chontae Mhaigh Eo. Gar do Chuan Mó atá an baile.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Teach Chathair na Mart ar dtús ag Richards Cassels, ailtire Gearmáinis, sna 1730idí. Tá doinsiúní an caisleán Uí Máille fós ann inniu.
Is baile neamhchoitianta í Cathair na Mart in Éirinn, mar is baile pleanáilte í. Rinne James Wyatt, ailtire cáiliúil Sasanach, plean don bhaile sna 1780idí. Chríochnaigh sé Teach Chathair na Mart, baile don Marquess den Sligeach. Ba le muintir Browne an teach le fada an lá, agus tá sé scailte don phobal óna 1960idí.
Cuireadh Teach Chathair na Mart ar an margadh i mí Feabhra 2016 agus luach €10m luaite leis. Is le comhlacht áitiúil gnó faoi úinéireacht mhuintir Hughes atá sé anois.[1]
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar an t-ainm "Covies" ar na daoine áitiúla. Bhí an chanúint "Covey" ann .. Go dtí an lá seo, tugann daoine in aice Cathair na Mart (Caisleán an Bharraigh san áireamh) an t-ainm "Covey" ar dhuine as an mbaile.
Tá teach tábhairne ag Matt Molloy (as "The Chieftains") ar Sráid an Droichead, i gcroí an bhaile.
Féilte
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá roinnt féile ar siúl i rith na bliana:
- Feabhra: Seachtain Sláinte Cathair na Mart
- Meitheamh: Féile Capall agus Pónaí Cathair na Mart.[2]
- Meitheamh: Féile Iascaireacht Slaite Farraige. Tá cáil idirnáisiúnta ar an fhéile.
- Iúil: oilithreacht go Cruach Phádraig. Téann timpeall 15,000 go dtí barr an chnoic ar Dhomhnach na Cruaiche.
- Meán Fómhair: Féile na hEalaíon.
- Deireadh Fómhair: Féile Bia Farraige Cathair na Mart.
Na Meáin Chumarsáide
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá nuachtán seachtainiúil saor in aisce ann, an Mayo News, a bunaíodh sa bhliain 1892.
Turasóireacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Radharcanna is mó a mheallann daoine chun Cathair na Mart. I gcóngar: Conamara, Oileán Acla, Cuan Mó agus Cruach Phádraig.
Tá cúrsa gailf le 18 poill ag Cathair na Mart.
Tá Cathair na Mart nasctha le Plougastel Daoulas sa Fhrainc agus Aror sa Chéinia
Religiún
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá séipéal i gCathair na Mart, Séipéil Holy Trinity (Eaglais na hÉireann) agus Séipéil Naomh Muire (Caitliceach). Bhí séipéal Modhach sa bhaile, ach is bialann é anois.
Daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]An tAthair Micheál Mac Gréil, SJ
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Comhaontú maidir le díol Theach Chathair na Mart" (as ga) (2017-01-27).
- ↑ “Cathair na Mart/Westport | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.