Stiall dhémhiotalach
Cuma
Dhá stiall de mhiotail dhifriúla, táite nó seamaithe le chéile aghaidh ar aghaidh. Forbraíonn an dá cheann beagán difriúil óna chéile nuair a théitear iad, mar gheall ar a luachanna difriúla comhéifeacht forbartha teirmí líní. Forbraíonn ceann amháin níos mó ná an ceann eile, ionas go lúbann an stiall dhémhiotalach leis an gceann níos faide ar thaobh dronnach amuigh den teascán ciorcail. A mhalairt de lúbadh a tharlaíonn nuair a fhuaraítear an déstiall. Úsáidtear an fheiste seo chun lasc a oscailt nó a dhúnadh i gcórais rialú teochta.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Stiall dhémhiotalach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |