Jacob Burckhardt
Ba é Carl Jacob Christoph Burckhardt staraí Eilvéiseach, a rugadh ar an 25 mí an Mhárta 1818 i mBasel san Eilvéis. Tá cáil idirnáisiúnta aige mar staraí ealaíne agus cultúrtha.
Tá Burckhardt duine de na daoine is tábhachtaí den naoú haois déag maidir le stair chultúrtha agus stair na n-ealaíon, go háirithe ó ré na hAthbheochana idir na Meánaoiseanna agus an Ré Nua-aoiseach san Iodáil. Bhí Burckhardt ina ollamh ar ollscoileanna éagsúla san Eilvéis agus sa Ghearmáin ar feadh a shaoil agus scríobh sé go leor leabhar, ina measc an dá leabhar seo atá an-cháiliúl: Die Kultur der Renaissance in Italien sa bhliain 1860 agus Die Geschichte der Renaissance in Italien sa bhliain 1867.
Chaith Jacob Burckhardt na blianta deireannacha a shaoil i mBasel agus fuair sé bás san áit sin ar an 8 Bealtaine 1897.
Íomhánna
-
Burckhardt thart ar 1840.
-
J. Burckhardt: Die Kultur der Renaissance in Italien 1860, lch 6.
-
The Civilization of the Renaissance in Italy. Leathanach d'eagrán Béarla, 1878.
-
Tá portráid de Burckhardt le feiceál ar nóta bainc na hEilvéise de 1000 CHF sa lá atá inniu ann.