Les Triplettes de Belleville
Scannán coiméideach beochana is ea Les Triplettes de Belleville (Gaeilge: Trírín Belleville). Comhléiriúchán Francach, Beilgeach, Ceanadach (Québec) a bhí ann. Eisíodh an scannán sa Ríocht Aontaithe faoin ainm Belleville Rendez-vous. Syvain Chomet a scríobh agus a stiúir an scannán.
Is é bunús an scéal ná iarracht seanlánúin sa Fhrainc a gharmhac Champion a tharrtháil óna lagar spride, agus i ndiaidh don mafia Francach an t-ógánach a fhuadach agus é páirteach sa Tour de France agus é a thabhairt go Meiriceá leo, iarracht a mhaimeo, Madame Souza, chun é a scaoileadh uathusan. In Belleville, cathair Mheiriceánach ar mheascán í de Chathair Nua-Eabhrac, Montréal agus Cathair Québec, casann an trírín Belleville uirthi, triúr seanbhan a chasann amhráin ar an sean-nós vaudeville agus a chuidíonn léi teacht ar an ngarmhac agus lena tharrtháil. Tá ról ag Bruno, madra Madame Souza, tríd an scéal. Is i bhFraincis atá an chuid is mó den méid comhrá atá ann agus den amhránaíocht sa scannán, in éineacht le dreasa beaga Béarla agus Portaingéilise. Castar amhrán in Iodáilis ach gan mórán céille ann.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |