Solad
Is éard is solad ann ná foirm dhlúth ábhair atá, de réir tréithe, in ann fórsaí casta a tharchur, nach bhfuil in ann sreabhadh, atá beagnach do-chomhbhrúite. Claonadh aige a chruth a choinneáil nuair a chuirtear faoi strus é. Deirtear gur ábhar docht é, agus níl na hadaimh saor chun gluaiseacht ó phointe go pointe. Roinntear solaid ina gcriostail (ina bhfuil eagar ordaithe adamh), solaid dhímhorfacha (eagar adamh trí chéile), agus polaiméirí is rubair atá comhdhéanta as móilíní fada slabhrúla.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Solad". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 613.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |