Nothing Special   »   [go: up one dir, main page]

Jump to content

Flaithbheartach mac Loingsigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFlaithbheartach mac Loingsigh
Beathaisnéis
Breith8 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás765 (Féilire Ghréagóra)

Ard Mhacha Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
728 – 734
← Cináed mac ÍrgalaigAodh Allán → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaGlúin an 8ú aois
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLoingseach mac Flaithbheartaigh, Aodh Muindearg, Murchad mac Flaithbertaig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLoingseach mac Aonghasa

Ard-Rí na hÉireann ba ea Flaithbheartach mac Loingsigh (Sean-Ghaeilge Flaithbertach mac Loingsig (bás 765). Ba bhall é de Cenél Conaill d'Uí Néill an Tuaiscirt. Loingsigh mac Aonghasa (bás 703), iarArd-Rí, ba ea a athair.[1] Bhí ar i gcoróin ón mbliain 728 go 734.[2]

Meastar go ndearnadh Ard-Rí de tar éis dó an iar-rí, Cainneach mac Iorghalaigh de Shíol Aodha Sláine, a chloígh ag Cath Dhroim Corcáin sa bhliain 728, áit a maraíodh Cainneach.[3][4]

Le cuid mhór dá réimeas, bhí a chéile comhraic Aodh Allán de Cenél nEógain go freasúra air Flaithbheartach's reign. Bhí sé mar chuspóir ag Aodh Magh Íotha (Mag nÍtha), i ngleann na Finne a théadh trí lár chríocha Chineál Chonaill, a ghabháil faoina cheannas.[5] Sa bhliain 727, tharla Cath Dhroim Fornocht eatarthu.[6][7] Sa bhliain 732, chloígh Aodh Flaithbheartach, agus maraíodh chol ceathar Flann Gohan mac Congaile sa chath úd.[8] Tharla cath eile ar Mhaigh Íotha sa bhliain 733, inar maraíodh col ceathrar eile Fhlaithbheartaigh, Conaing mac Congaile.[9] Tharla cath eile fós ar an maigh sa bhliain 734.[10]

De dheasca na maidhmeanna seo, d'iarr Flaithbheartach ar fhir an Dál Riada ach scriosadh a gcabhlach in inbhear na Banna sa bhliain 734.[11] Deir Annála na gCeithre Máistrí níos lú iontaofa gur tháinig na hAlbanaigh chun cuidiú le Flaithbheartach a namhaid a sháinniú. Deir siad fosta gur throid na hUlaid agus Ciannachta Ghleann Geimhin ar son Aodha sa chath úd.[12]

Tar éis an tsraith chatha seo, cuireadh Flaithbheartach as a choróin, nó d'éirigh sé as, agus chuaigh sé i mainistir Ard Mhacha isteach, ar a fuair sé bás sa bhliain 765.[13][14]

Ard-Rí deireanach na hÉireann de Cenél Conaill ba ea Flaithbertach, a mheastar de ghnáth, cé go maíonn mionlach d'fhoinsí gurbh Ard-Rí é Ruaidrí ua Canannáin (bás 950).

I measc mic Fhlaithbheartaigh bhí a leanas: Aodh Muindearg (bás 747) ar a glaodh Rí an Tuaiscirt air; agus Loingseach (bás 754) agus Murchadh (bás 767), ar a glaodh taoisigh Cenél Conaill orthu. Phós a iníon, Dunlaith (bás 798) an Ard-Rí Niall Frossach (bás 778).[15]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
  2. Tugtar réimeas 9 mbliana do i Sioncronachtaí Laud agus Rawlinson Genealogies, agus 7 mbliana sa Leabhar Laighneach
  3. Annála Uladh, AU 728.1
  4. Annála Tiarnaigh, AT 728.1, 728.8
  5. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 573
  6. AU 727.2
  7. AT 727.2
  8. AU 732.10
  9. AU 733.3
  10. AU 734.8
  11. Byrne, lch. 114
  12. Annála na gCeithre Máistrí, M 728.3
  13. Charles-Edwards, lch. 573
  14. AU 734.10, 765.2
  15. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 153